+Airteagal 71 Forálacha solúbthachta
---+Airteagal 71 1.
---+Airteagal 71 2.
---+Airteagal 71 3.
|
Airteagal 71 Forálacha solúbthachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 71 1.
|
Féadfaidh na Ballstáit díolúine a thabhairt do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith atá faoi réir an Rialacháin seo ó na ceanglais is infheidhme don duine sin de bhun Chaibidil III, seachas na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Chaibidil sin, nó ó na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn na Caibidle sin, i gcás cúinsí neamh-intuartha práinneacha a bhainfeadh leis na daoine sin nó i gcás riachtanais oibríochtúla, ach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní féidir na cúinsí nó na heasnaimh sin a réiteach go leordhóthanach i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme;
(b)
sábháilteacht, caomhnú comhshaoil agus comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a áirithiú, trí bhíthin bearta maolaithe más gá;
(c)
go bhfuil maolú déanta, a mhéid is féidir, ag an mBallstát ar aon saobhadh féideartha ar dhálaí an mhargaidh i ngeall ar gur bronnadh an díolúine; agus
(d)
nach rachaidh raon feidhme ná ré na díolúine thar a bhfuil riachtanach agus go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl láithreach don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, an díolúine a deonaíodh, a tréimhse, cúis a deonaithe, agus, más iomchuí, na bearta maolaithe riachtanacha a cuireadh i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 71 2.
|
I gcás inar faide ná ocht mí as a chéile an díolúine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó i gcás inar bhronn an Ballstát an díolúine chéanna sin arís is arís eile ar feadh tréimhse is faide ná ocht mí, déanfaidh an Ghníomhaireacht a mheasúnú ar sásaíodh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, agus eiseoidh sí moladh don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe sin, tráth nach faide ná 3 mhí tar éis dháta ghlactha an fhógra dheiridh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an moladh sin i dtaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, agus an moladh sin san áireamh aige, ar sásaíodh na coinníollacha sin. I gcás ina measann an Coimisiún nár sásaíodh na coinníollacha sin nó i gcás nach mbeidh sé ag teacht le toradh an mheasúnaithe a rinne an Ghníomhaireacht, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh a chinneadh, tráth nach faide ná 3 mhí tar éis dháta glactha an mholta sin, a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht i dtaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74. Ar fhógairt ghníomhartha cur chun feidhme lena ndearbhaítear nár comhlíonadh na coinníollacha sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine a glacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chúlghairm láithreach.
|
|
Airteagal 71 3.
|
I gcás ina measann an Ballstát gur féidir na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní a chomhlíonadh ar mhodh eile seachas ar an modh a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, agus go mbaineann buntáistí leis an modh sin nach beag a mbrí do shábháilteacht na heitlíochta sibhialta, d'éifeachtúlacht na ndaoine sin atá faoi réir an Rialacháin seo, nó do na húdaráis lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta, tríd an stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74, á iarraidh go leasófaí an gníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme d'fhonn cead a thabhairt an modh eile sin a úsáid. Sa chás sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht moladh a eisiúint don Choimisiún, gan ró-mhoill, maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratas an Bhallstáit na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír. Más gá sin i bhfianaise chur chun feidhme na míre seo, déanfaidh an Coimisiún a mharana, gan ró-mhoill, agus moladh na Gníomhaireachta á chur san áireamh aige, ar an ngníomh tarmligthe nó cur chun feidhme sin a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|