|
+Airteagal 77 1. |
Airteagal 77 1.Maidir leis na táirgí, na páirteanna, an trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b)(i) d'Airteagal 2(1), comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann na mBallstát, más infheidhme agus de réir mar a shonraítear é i gCoinbhinsiún Chicago nó sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, feidhmeanna agus cúraimí an stáit inar dearadh, inar monaraíodh nó inar cláraíodh iad nuair a bhaineann na feidhmeanna agus na cúraimí sin le deimhniúchán dearthaí agus le formheas ar fhaisnéis maidir le haeracmhainneacht leanúnach. Chuige sin, déanfaidh sí an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
maidir le gach dearadh táirge agus le dearadh trealaimh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda a ndearnadh iarratas ar dheimhniú cineáil, ar dheimhniú srianta ar chineál, ar athrú ar dheimhniú cineáil nó ar dheimhniú srianta ar chineál, lena n-áirítear ar dheimhniú cineáil forlíontach, ar fhormheas ar dhearadh deisiúcháin, nó ar fhormheas sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla ina leith i gcomhréir le hAirteagal 11 nó le hAirteagal 56(1), bunófar bonn don deimhniúchán agus tabharfar fógra ina leith don iarrthóir;
(b)
maidir le gach dearadh páirte nó trealamh neamhshuiteáilte a ndearnadh iarratas ar dheimhniú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12, Airteagal 13 nó le hAirteagal 56(1) faoi seach, bunófar bonn don deimhniúchán agus tabharfar fógra faoi don iarratasóir;
(c)
maidir le haerárthach a ndearnadh iarratas ar cheadúnas eitilte ina leith i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) nó Airteagal 56(1), eiseofar an formheas i ndáil leis na dálaí eitilte a ghabhann leis an dearadh sin;
(d)
bunóidh sí na sonraíochtaí aeracmhainneachta agus comhoiriúnachta comhshaoil is infheidhme i dtaca le dearadh táirgí, páirteanna agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) nó Airteagal 56(5) agus cuirfidh sí fáil iad;
(e)
beidh sí freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis na deimhnithe cineáil, na deimhnithe srianta ar chineál, deimhnithe athruithe, lena n-áirítear na deimhnithe cineáil forlíontacha, formheasanna dearthaí deisiúcháin agus formheasanna sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla le haghaidh dearadh táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b) d'Airteagal 18(1) nó Airteagal 56(1);
(f)
beidh sí freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis na deimhnithe le haghaidh dearadh páirteanna agus le haghaidh trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda i gcomhréir le hAirteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 56(1);
(g)
eiseoidh sí na bileoga sonraí comhshaoil iomchuí i dtaca le dearadh táirgí atá á ndeimhniú aici i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 56(1);
(h)
áiritheoidh sí na feidhmeanna leanúnacha aeracmhainneachta a ghabhann le dearadh na dtáirgí, dearadh páirteanna, le trealamh neamhshuiteáilte, agus le trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda atá deimhnithe aici agus a ndéanann sí maoirseacht orthu, lena n-áirítear go ngníomhóidh sí gan ró-mhoill má bhíonn fadhb sábháilteachta nó slándála ann agus go n-eiseoidh sí agus go scaipfidh sí an fhaisnéis éigeantach is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|