+Airteagal 83 Imscrúduithe ag an nGníomhaireacht
---+Airteagal 83 1.
---+Airteagal 83 2.
---+Airteagal 83 3.
---+Airteagal 83 4.

Airteagal 83 Imscrúduithe ag an nGníomhaireacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 83 1.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht féin na himscrúduithe is gá lena cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) nó déanfaidh sí iad trí bhíthin údaráis inniúla náisiúnta nó trí eintitis cháilithe.
Airteagal 83 2.

Chun críocha imscrúduithe a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ceangal a chur ar na daoine dlítheanacha nó ar na daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú eisithe aici dóibh, nó a bhfuil dearbhú déanta acu ina leith, gach eolas is gá a sholátha don Ghníomhaireacht;

(b) 

ceangal a chur ar na daoine sin míniúcháin ó bhéal a thabhairt i dtaca le haon fhíric, doiciméad, ní, nós imeachta nó aon ábhar ábhartha lena chinneadh an bhfuil an duine ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;

(c) 

dul isteach in áitreabh, ar thailte nó i gcóir iompair ábhartha na ndaoine sin;

(d) 

aon doiciméad, taifead nó sonraí ábhartha atá i seilbh na ndaoine sin nó ar fáil dóibh a scrúdú, a chóipeáil nó sleachta a bhaint as, beag beann ar an meán ina stóráiltear an fhaisnéis i gceist.

Tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht freisin, nuair is gá sin chun a chinneadh an bhfuil duine ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, duine ar eisíodh deimhniú dó, nó a bhfuil dearbhú déanta aige di, na cumhachtaí a leagtar síos sa chéad fhomhír a fheidhmiú i dtaca le haon duine dlítheanach nó nádúrtha a mbeifí ag súil leis go réasúnta go mbeadh faisnéis ábhartha chun na críocha sin aige nó teacht aige uirthi. Déanfar na cumhachtaí a luaitear sa mhír sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit nó an tríú tír ina mbeidh an grinnscrúdú a dhéanamh, ag féachaint do chearta agus suimeanna dlisteanacha daoine lena mbaineann agus sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

I gcás ina bhfuil réamhúdarú de dhíth ó údarás breithiúnach nó riaracháin an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte agus i gcóir iompair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, ní úsáidfear na cumhachtaí sin ach amháin tar éis an réamhúdarú sin a fháil.

Airteagal 83 3.
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh a chuid comhaltaí foirne agus, más ábhartha, aon saineolaí eile a bheidh páirteach san imscrúdú cáilithe go leordhóthanach, go mbeidh oiliúint leordhóthanach orthu agus go mbeidh an t-údarú iomchuí faighte acu. Déanfaidh na daoine sin a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thaispeáint dóibh.
Airteagal 83 4.
Tabharfaidh oifigigh údaráis inniúla an Bhallstáit cúnamh, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, chun an t-imscrúdú a dhéanamh, arb ar a chríoch féin a dhéanfar an t-imscrúdú. I gcás ina mbeidh cúnamh dá sórt de dhíth, cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl don Bhallstát achar maith roimh an imscrúdú, arb ar a chríoch féin a dhéanfar an t-imscrúdú, go mbeidh imscrúdú ann agus go mbeidh cúnamh de dhíth.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.