+Airteagal 107 Eisiamh agus agóid
---+Airteagal 107 1.
---+Airteagal 107 2.
---+Airteagal 107 3.
---+Airteagal 107 4.
|
Airteagal 107 Eisiamh agus agóid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 107 1.
|
Ní ghlacfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc páirt in aon imeachtaí achomhairc má bhíonn leas pearsanta acu iontu, má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe ar dhuine de na páirtithe iontu nó má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.
|
|
Airteagal 107 2.
|
Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna a liostaítear i mír 1 nó ar chúis eile, go measann comhalta den Bhord Achomhairc nár cheart don chomhalta sin páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc, cuirfidh an comhalta sin an méid sin in iúl don Bhord Achomhairc dá réir.
|
|
Airteagal 107 3.
|
Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid in aghaidh aon chomhalta den Bhord Achomhairc ar aon cheann de na forais a luaitear i mír 1, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh agóid den sórt sin inghlactha, má bhíonn céim den nós imeachta glactha ag an bpáirtí sna himeachtaí achomhairc agus fios aige nó aici go raibh cúis achomhairc ann. Ní féidir agóid ar bith a dhéanamh bunaithe ar náisiúntacht na gcomhaltaí.
|
|
Airteagal 107 4.
|
Cinnfidh an Bord Achomhairc an gníomh a dhéanfar sna cásanna a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun críocha an cinneadh sin a dhéanamh, gabhfaidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach ionad an chomhalta lena mbaineann ar an mBord Achomhairc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|