Faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta na cuntais shealadacha in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. Lena chois sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta tuarascáil maidir le bainistíocht buiséad agus airgeadais i gcomhair na bliana airgeadais sin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE,
Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
).