+Airteagal 121 An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
---+Airteagal 121 1.
---+Airteagal 121 2.
---+Airteagal 121 3.
---+Airteagal 121 4.
---+Airteagal 121 5.
---+Airteagal 121 6.
---+Airteagal 121 7.
---+Airteagal 121 8.
---+Airteagal 121 9.
---+Airteagal 121 10.
|
Airteagal 121 An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 121 1.
|
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.
|
|
Airteagal 121 2.
|
Faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta na cuntais shealadacha in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. Lena chois sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta tuarascáil maidir le bainistíocht buiséad agus airgeadais i gcomhair na bliana airgeadais sin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
).
|
|
Airteagal 121 3.
|
Faoin 31 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil maidir le bainistíocht buiséid agus airgeadais i gcomhair na bliana sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 121 4.
|
De bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, nuair a gheobhaidh an t-oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta faoina fhreagracht nó faoina freagracht féin agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil uaidh.
|
|
Airteagal 121 5.
|
Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.
|
|
Airteagal 121 6.
|
Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta na nGníomhaireachtaí, faoin 1 Iúil i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha agus an tuairim ón mBord Bainistíochta a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 121 7.
|
Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain gach bliain airgeadais dar gcionn.
|
|
Airteagal 121 8.
|
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair gach bliain airgeadais dar gcionn. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin agus chuig an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 121 9.
|
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, aon fhaisnéis is gá d'fheidhmiú rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais a bheidh i gceist, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 165(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.
|
|
Airteagal 121 10.
|
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus roimh an 15 Bealtaine de bhliain n + 2, cinneadh faoin urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith chur chun feidhme an bhuiséid i gcomhair bliana n.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|