|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.Ní rachaidh tréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh thar a bhfuil de dhíth ar na húdaráis inniúla, faoin dlí náisiúnta, chun a chinneadh an éilíonn imthosca an cháis go gcoimeádfaí faoi choinneáil an t-airgead tuilleadh. Is 30 lá ar a mhéad a bheidh i dtréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh. Tar éis dóibh measúnú críochnúil a dhéanamh ar a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh tuilleadh coimeádta faoi choinneáil shealadaigh, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh a fhadú suas le huastréimhse 90 lá. I gcás nach ndéantar cinneadh laistigh den tréimhse sin maidir leis an airgead tirim a choimeád faoi choinneáil tuilleadh nó má chinntear nach n-éilíonn imthosca an cháis go gcomeádfaí faoi choinneáil é ar feadh tréimhse níos faide, scaoilfear an t-airgead láithreach chuig an duine:
(a)
a ndearnadh an t-airgead a choimeád faoi choinneáil go sealadach uaidh nó uaithi sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4; nó
(b)
a ndearnadh an t-airgead a choimeád faoi choinneáil go sealadach uaidh nó uaithi sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó (2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|