+Airteagal 10 Faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus leis an gCoimisiún
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10 Faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus leis an gCoimisiún
Faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus leis an gCoimisiún
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a tharchur, trí mheán leictreonach, d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir:
(a)
dearbhuithe ex officio arna gcumadh faoi Airteagal 5(3);
(b)
faisnéis a fuarthas faoi Airteagal 6;
(c)
dearbhuithe arna bhfáil faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, i gcás ina bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil;
(d)
faisnéis anaithnid faoi rioscaí agus torthaí na hanailíse riosca.
|
|
Airteagal 10 2.
|
I gcás inarb ann do thásca go mbaineann an t-airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur freisin chuig an gCoimisiún, chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh — ó na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun an Rialachán (AE) 2017/1939 agus i gcás ina bhfuil sí inniúil chun gníomhú faoi Airteagal 22 den Rialachán sin, agus chuig Europol i gcás ina bhfuil sé inniúil chun gníomhú faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a tharchur i gcomhréir leis na rialacha teicniúla dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) agus an fhoirm dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) á húsáid aige.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 agus de mhír 2 a tharchur a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an dáta a fuarthas an fhaisnéis sin.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Déanfar an fhaisnéis agus na torthaí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, a tharchur gach 6 mhí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1672
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|