|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta seo a leanas chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla rialuithe i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach:
(a)
na teimpléid don fhoirm dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus don fhoirm nochta dá dtagraítear in Airteagal 4(3);
(b)
critéir don chreat comhchoiteann bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus, go háirithe, na critéir riosca, caighdeáin, agus réimsí rialaithe tosaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis arna malartú de bhun phointe (d) d’Airteagal 10(1), agus beartais agus dea-chleachtas de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta;
(c)
na rialacha teicniúla maidir le faisnéis a mhalartú go héifeachtach faoi Airteagal 9(1) agus (3) agus Airteagal 10 den Rialachán seo trí CFS, arna bhunú le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 515/97;
(d)
an teimpléad don fhoirm chun faisnéis a tharchur dá dtagraítear in Airteagal 10(3); agus
(e)
na rialacha agus an fhormáid atá le húsáid ag Ballstáit chun faisnéis staidrimh anaithnidithe maidir le dearbhuithe, rialuithe agus sáruithe de bhun Airteagal 18 a sholáthar don Choimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|