|
+Airteagal 19 1. |
Airteagal 19 1.
►C1
Faoin 3 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana as sin amach, ◄ déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna fáil go rialta ó na Ballstáit, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír go háirithe, déanfar meastóireacht ar an méid seo a leanas:
(a)
ar cheart sócmhainní eile a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo;
(b)
an bhfuil an nós imeachta um nochtadh i gcás airgead tirim neamhthionlactha éifeachtúil;
(c)
ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach le haghaidh airgead tirim neamhthionlactha;
(d)
an bhfuil an sreabhadh faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 10 agus an bhfuil úsáid CFC, go háirithe, éifeachtúil, nó an ann do bhacainní ar mhalartú tráthúil agus díreach faisnéise comhoiriúnaí agus inchomparáide idir na húdaráis inniúla agus le hAFAnna; agus
(e)
an bhfuil pionóis arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus cibé an bhfuil na pionóis sin ina ndíspreagadh coibhéiseach ar fud an Aontais i dtaobh sárú a dhéanamh ar an Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|