|
+Airteagal 2 2. |
Airteagal 2 2.Leis an ►C1 tairseach ◄ , tabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:
(a)
faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le húsáideoirí atá ag feidhmiú a gceart faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;
(b)
faisnéis faoi nósanna imeachta ar líne agus as líne agus naisc chuig nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear nósanna imeachta a chumhdaítear le hIarscríbhinn II, arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun go mbeidh ar chumas na n-úsáideoirí na cearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(c)
faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, ar seirbhísí iad mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|