|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “úsáideoir” duine ar bith is saoránach den Aontas, duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát nó duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, agus ar duine é a úsáideann an ►C1 tairseach ◄ chun an fhaisnéis, na nósanna imeachta nó na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a rochtain;
(2)
ciallaíonn “úsáideoir trasteorann” úsáideoir i gcúinsí nach bhfuil teoranta i ngach caoi laistigh de Bhallstát amháin;
(3)
ciallaíonn “nós imeachta” seicheamh gníomhartha nach mór d’úsáideoirí a dhéanamh chun na ceanglais a chomhlíonadh nó chun cinneadh a fháil ó údarás inniúil le go mbeidh siad in ann na cearta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2) a fheidhmiú;
(4)
ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás nó chomhlacht de chuid Ballstáit a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air maidir leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
(5)
ciallaíonn “fianaise” aon doiciméad nó sonraí, lena n-áirítear téacs nó fuaim, taifeadadh amhairc nó closamhairc, beag beann ar an meán a úsáidtear, atá ag teastáil ó údarás inniúil chun fíricí a chruthú nó chun a chruthú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|