+Airteagal 7 Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.

Airteagal 7 Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar líne trí chainéil éagsúla ag úsáideoirí, lena n-áirítear úsáideoirí trasteorann, ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2).
Airteagal 7 2.
Féadfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún naisc a sholáthar chuig seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá á dtairiscint ag údaráis inniúla, an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, diomaite de na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (3) ar choinníoll go gcomhlíonann na seirbhísí sin na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 11 agus Airteagal 16.
Airteagal 7 3.

►C1  I gcás inar gá sin chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go n-áireofaí naisc sa ►C1  tairseach ◄ chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann a seirbhísí na coinníollacha seo a leanas: ◄

(a) 

tairgeann an tseirbhís faisnéis nó cúnamh a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun na gcríoch a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus cuireann sí le seirbhísí atá sa ►C1  tairseach ◄ cheana féin;

(b) 

tairgtear an tseirbhís saor in aisce nó ar phraghas atá inacmhainne ag micrifhiontair, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus saoránaigh; agus

(c) 

comhlíonann an tseirbhís na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 16.

Airteagal 7 4.

I gcás inar mhol an comhordaitheoir náisiúnta go gcuirfí nasc isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus ina soláthraíonn sé an nasc sin i gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirfear isteach leis an nasc sin na coinníollacha i mír 3 den Airteagal seo, agus, má chomhlíontar, gníomhachtóidh sé an nasc.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirtear isteach na coinníollacha i mír 3, cuirfidh sé an comhordaitheoir náisiúnta ar an eolas faoi na cúiseanna nár gníomhachtaíodh an nasc.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.