|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula gcuirfidh siad iarraidh isteach ar sheirbhís dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir ar na nithe seo a leanas:
(a)
cineál, cuspóir agus torthaí ionchais na seirbhíse atá á tairiscint;
(b)
sonraí teagmhála na n-eintiteas atá freagrach as an tseirbhís amhail, uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí don chineál seirbhísí atá á tairiscint é agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;
(c)
na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne, i gcás inarb ábhartha;
(d)
aon spriocdhátaí is infheidhme atá le hurramú agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama, nó an t-am a mheastar a bheith de dhíth chun an tseirbhís a sholáthar;
(e)
aon teangacha bhreise inar féidir an iarraidh a chur isteach agus ar féidir í a úsáid i dteagmhálacha ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|