►C1
I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d'Airteagal 13(2) ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, iarrfaidh an Ballstát sin ar an gCoimisiún aistriúcháin sa teanga sin a sholáthar, laistigh de theorainneacha bhuiséad an Aontais a bheidh le fáil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1).
◄