+Airteagal 12 Aistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.

Airteagal 12 Aistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
►C1  I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d'Airteagal 13(2) ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, iarrfaidh an Ballstát sin ar an gCoimisiún aistriúcháin sa teanga sin a sholáthar, laistigh de theorainneacha bhuiséad an Aontais a bheidh le fáil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1). ◄
Airteagal 12 2.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar leis na téacsanna a chuirtear isteach le haghaidh aistriúcháin faoi mhír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis bhunúsach ar a laghad i ngach réimse a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, i gcás inar leor buiséid an Aontais atá le fáil, go gcumhdófar aon fhaisnéis, mínithe agus treoracha breise dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d’Airteagal 13(2), lena gcuirtear san áireamh na riachtanais is tábhachtaí atá ag úsáideoirí trasteorann. Cuirfidh na Ballstáit na naisc chuig faisnéis den sórt sin atá aistrithe ar fáil don stór nasc dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 12 3.
Beidh an teanga dá dtagraítear i mír 1 ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais arb í an teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais í. Mar eisceacht, i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha atá le haistriú mar ábhar spéise go príomha ag úsáideoirí trasteorann de thionscnamh ó Bhallstát eile, féadfaidh an teanga dá dtagraítear i mír 1 a bheith ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais atá in úsáid ag na húsáideoirí trasteorann sin mar mháthairtheanga.
Airteagal 12 4.
I gcás ina n-iarrann Ballstát aistriúchán i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais nach teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais é, tabharfaidh sé cúiseanna don iarraidh. ►C1  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 maidir le rogha teanga eile den chineál sin, féadfaidh sé an iarraidh a dhiúltú agus an Ballstát a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an méid sin. ◄

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.