+Airteagal 13 Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
I gcás ina bhfuil úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann nós imeachta, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) agus a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta, a rochtain agus a chur i gcrích ar líne, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an nós imeachta sin a rochtain agus a chur i gcrích ar líne ar bhealach neamh-idirdhealaitheach freisin, tríd an réiteach teicniúil céanna nó trí réiteach teicniúil eile.
Airteagal 13 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar, maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas ar a laghad:

(a) 

go mbeidh úsáideoirí in ann na treoracha a rochtain le haghaidh an nós imeachta a chur i gcrích i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b) 

go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an fhaisnéis is gá a chur isteach, lena n-áirítear i gcás nach ionann struchtúr faisnéise den sórt sin agus faisnéis den sórt céanna sa Bhallstát lena mbaineann;

(c) 

go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann, iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú, agus doiciméid a shíniú nó a shéalú go leictreonach, mar a fhoráiltear dó i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;

(d) 

go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann fianaise a sholáthar i bhformáid leictreonach ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus toradh na nósanna imeachta sin a fháil i bhformáid leictreonach i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;

(e) 

i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun nós imeachta a chur i gcrích, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.

Airteagal 13 3.
I gcás nach gceanglaítear leis an nós imeachta sainaithint nó fíordheimhniú a dhéanamh go leictreonach mar a thagraítear dó i bpointe (c) de mhír 2 agus i gcás ina bhfuil cead ag na húdaráis inniúla faoin dlí náisiúnta nó nósanna imeachta riaracháin is infheidhme glacadh le cóipeanna digitithe d’fhianaise neamhleictreonach ar aitheantas, amhail cártaí aitheantais nó pasanna, i ndáil le húsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad, glacfaidh na húdaráis sin, le cóipeanna digitithe den sórt sin i ndáil le húsáideoirí trasteorann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.