Déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún faireachán, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhonn rialta i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an
►C1
tairseach
◄ á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 13 agus in Airteagal 16. Is bunaithe ar na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a dhéanfar an faireachán.