+Airteagal 17 Faireachán cáilíochta
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
|
Airteagal 17 Faireachán cáilíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún faireachán, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhonn rialta i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an
►C1
tairseach ◄ á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 13 agus in Airteagal 16. Is bunaithe ar na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a dhéanfar an faireachán.
|
|
Airteagal 17 2.
|
I gcás meath ar cháilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear i mír 1, ar seirbhísí iad a sholáthraíonn na húdaráis inniúla, déanfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí agus a mharthanaí atá an meath sin, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:
(a)
comhordaitheoir náisiúnta ábhartha na tairsí a chur ar an eolas agus bearta ceartaitheacha a iarraidh;
(b)
gníomhartha molta a chur isteach lena phlé ag grúpa comhordaithe na
►C1
tairsí ◄ chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a fheabhsú;
(c)
litir ina ndéantar moltaí a sheoladh chuig an mBallstát lena mbaineann;
(d)
an fhaisnéis, an nós imeachta nó an tseirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a dhícheangal go sealadach ón tairseach.
|
|
Airteagal 17 3.
|
I gcás nach ndéanann seirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a gcuirtear naisc chuici ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7(3) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 16 a chomhlíonadh go comhsheasmhach, nó nach gcomhlíonann sí riachtanais na n-úsáideoirí a thuilleadh, rud a léirítear leis na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhordaitheoir náisiúnta ábhartha agus, i gcás inar gá, le grúpa comhordaithe na
►C1
tairsí ◄ , an tseirbhís sin a dhícheangal ón
►C1
tairseach ◄ .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|