+Airteagal 18 Comhéadan coiteann úsáideora
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.

Airteagal 18 Comhéadan coiteann úsáideora

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhéadan coiteann úsáideora ar fáil, atá comhtháite i dtairseach “An Eoraip Agatsa”, chun feidhmiú cuí na ►C1   tairsí ◄ a áirithiú.
Airteagal 18 2.
Leis an gcomhéadan coiteann úsáideora, tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna trí naisc a thabhairt chuig na suíomhanna nó leathanaigh gréasáin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirítear sa stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 18 3.
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena róil agus lena bhfreagrachtaí faoi seach, dá bhforáiltear in Airteagal 4, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis faoi rialacha agus faoi cheanglais, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a eagrú agus a dhéanamh ar shlí a chuireann lena n-inaimsitheacht sa chomhéadan coiteann úsáideora.
Airteagal 18 4.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an comhéadan coiteann úsáideora na ceanglais cháilíochta seo a leanas:

(a) 

beidh sé éasca le húsáid;

(b) 

beidh sé inrochtana ar líne trí ghléasanna leictreonacha éagsúla;

(c) 

déanfar é a fhorbairt agus a optamú do bhrabhsálaithe éagsúla gréasáin;

(d) 

comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas maidir le hinrochtaineacht gréasáin: inbhraiteacht, inoibritheacht, intuigtheacht agus stóinseacht.

Airteagal 18 5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais idir-inoibritheachta chun feabhas a chur ar infhaighteacht na faisnéise faoi rialacha agus faoi oibleagáidí, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna tríd an gcomhéadan coiteann úsáideora. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.