+Airteagal 19 Stór do naisc
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
|
Airteagal 19 Stór do naisc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, stór leictreonach nasc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a bhunú agus a chothabháil, a fhágfaidh go mbeifear in ann nascadh idir na seirbhísí sin agus an comhéadan coiteann úsáideora.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Cuirfidh an Coimisiún ar fáil sa stór nasc, na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a bhainistítear ar leibhéal an Aontais, agus coinneoidh sé na naisc sin cruinn agus cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta ar fáil an stór do naisc ina mbeidh na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a mbainistíonn údaráis inniúla nó eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 7(3) iad, agus coinneoidh sé na naisc sin cruinn agus cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Nuair a cheadaítear sin leis an teicneolaíocht, féadfar soláthar na nasc, dá dtagraítear i mír 3, a dhéanamh go huathoibríoch idir córais theicniúla ábhartha na mBallstát agus an stór nasc.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a áirítear sa stór do naisc ar fáil don phobal i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Áiritheoidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta nach mbeidh aon dúbláil neamhriachtanach, bíodh sí iomlán nó páirteach, agus forluí, ar dóigh di mearbhall a chur ar úsáideoirí, ag na naisc chuig an bhfaisnéis agus na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a thairgtear tríd an
►C1
tairseach ◄ .
|
|
Airteagal 19 7.
|
I gcás ina bhforáiltear, i bhforálacha eile de chuid dhlí an Aontais, maidir le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur ar fáil, féadfaidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta naisc chuig an bhfaisnéis sin a sholáthar chun ceanglais an Airteagail sin a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|