+Airteagal 24 Staidreamh faoi úsáideoirí
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.

Airteagal 24 Staidreamh faoi úsáideoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Chun feidhmiúlacht na ►C1  tairsí ◄ a fheabhsú, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbaileofar staidreamh faoi chuairteanna úsáideoirí ar an ►C1  tairseach ◄ agus faoi na leathanaigh ghréasáin a nascann an ►C1  tairseach ◄ chucu, ar bhealach a áiritheoidh anaithnideacht na n-úsáideoirí.
Airteagal 24 2.
Déanfaidh na húdaráis inniúla, soláthróirí na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus an Coimisiún líon, bunús agus ábhar na n-iarrataí ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a n-agaí freagartha a bhailiú agus a mhalartú agus léireofar na figiúirí mar fhigiúirí comhiomlána.
Airteagal 24 3.

An staidreamh a bhaileofar i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 i ndáil leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a bhfuil nasc ag an ►C1  tairseach ◄ leo, áireofar ina measc na catagóirí sonraí seo a leanas:

(a) 

sonraí maidir le líon, bunadh, agus cineál úsáideoirí na ►C1  tairsí ◄ ;

(b) 

sonraí maidir le roghanna úsáideoirí agus le turais úsáideoirí;

(c) 

►C1  sonraí maidir le hinúsáidteacht, infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. ◄

Déanfar na sonraí sin a chur ar fáil don phobal i bhformáid oscailte, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín.

Airteagal 24 4.
►C1  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos modh bailithe agus malartaithe an staidreamh faoi úsáideoirí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2). ◄

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.