+CAIBIDIL 1 Forálacha ginearálta
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe

CAIBIDIL 1 Forálacha ginearálta

CAIBIDIL 1 Forálacha ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “beartais agus bearta” gach ionstraim a rannchuidíonn le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach agus/nó le gealltanais faoi phointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(2) de UNFCCC a chur chun feidhme, lena bhféadfar na hionstraimí sin a áireamh nach bhfuil srianadh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa mar phríomhchuspóir iontu;

(2) 

ciallaíonn “beartais agus bearta atá ann cheana” beartais agus bearta atá curtha chun feidhme agus beartais agus bearta glactha;

(3) 

ciallaíonn “beartais agus bearta atá curtha chun feidhme” beartais agus bearta a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas ina leith ar an dáta a gcuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn: tá dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i bhfeidhm, tá comhaontú deonach amháin nó níos mó bunaithe, tá acmhainní airgeadais leithdháilte, tá acmhainní daonna curtha ar fáil;

(4) 

ciallaíonn “beartais agus bearta atá glactha” beartais agus bearta a bhfuil cinneadh oifigiúil rialtais déanta ina leith ag an dáta a cuireadh isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn agus go bhfuil gealltanas soiléir ann dul ar aghaidh lena gcur chun feidhme;

(5) 

ciallaíonn “beartais agus bearta atá beartaithe” roghanna atá á bplé agus a bhfuil seans réalaíoch ann go nglacfar iad agus go gcuirfear chun feidhme iad i ndiaidh an dáta a chuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn;

(6) 

ciallaíonn “córas do bheartais agus bearta agus réamh-mheastacháin” córas socruithe institiúideacha, dlíthiúla agus nósanna imeachta arna bhunú chun tuairisciú a dhéanamh ar bheartais, bearta agus réamh-mheastacháin a bhaineann le hastaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí, le haistrithe gás ceaptha teasa trí linnte agus leis an gcóras fuinnimh, mar a cheanglaítear inter alia le hAirteagal 39;

▼M2

(7) 

ciallaíonn “réamh-mheastacháin” réamhaisnéisí ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear, ar a laghad, meastacháin chainníochtúla do sheicheamh 6 bliana sa todhchaí dar críoch 0 nó 5, díreach i ndiaidh na bliana tuairisciúcháin;

▼B

(8) 

ciallaíonn “réamh-mheastacháin gan bhearta” réamh-mheastacháin gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte, réamh-mheastacháin nach n-áiríonn éifeachtaí gach beartas agus gach beart atá beartaithe, glactha nó curtha chun feidhme i ndiaidh na bliana roghnaithe mar thúsphointe don réamh-mheastachán ábhartha;

(9) 

ciallaíonn “réamh-mheastacháin le bearta” réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte a chuimsíonn, ó thaobh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart atá glactha agus atá curtha chun feidhme;

(10) 

ciallaíonn “réamh-mheastacháin le bearta breise” réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó trí fhorbairtí ar an gcóras fuinnimh a chuimsíonn, maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart atá glactha agus atá curtha chun feidhme chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun spriocanna fuinnimh a bhaint amach, mar aon le beartais agus bearta atá beartaithe chun na críche sin;

▼M5

(11) 

ciallaíonn “spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais” an sprioc cheangailteach uile-Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), agus sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais do 2030 nó aon spriocanna ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle do 2030;

▼B

(12) 

ciallaíonn “córas fardail náisiúnta” córas socruithe institiúideacha, dlíthiúla agus nós imeachta atá bunaithe laistigh de Bhallstát chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte, agus chun faisnéis fardail a thuairisciú agus a chartlannú;

(13) 

ciallaíonn “táscaire” fachtóir cainníochtúil nó cáilíochtúil nó athróg a chuireann le tuiscint níos fearr ar dhul chun cinn an chur chun feidhme;

(14) 

ciallaíonn “príomhtháscairí” na táscairí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh faoi mar a mhol an Coimisiún;

(15) 

ciallaíonn “ceartúcháin theicniúla” coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa arna ndéanamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 38 nuair a bhíonn sonraí an fhardail atá curtha isteach neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht leis na rialacha nó leis na treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur in ionad na meastachán a cuireadh isteach ar dtús;

(16) 

ciallaíonn “dearbhú cáilíochta” córas beartaithe nósanna imeachta athbhreithnithe a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí maidir le cáilíocht sonraí agus go bhfuil na meastacháin agus an fhaisnéis is fearr is féidir á dtuairisciú chun tacú le héifeachtúlacht an chláir rialaithe cáilíochta agus chun cabhrú leis na Ballstáit;

(17) 

ciallaíonn “rialú cáilíochta” córas gnáthghníomhaíochtaí teicniúla a bhfuil sé mar aidhm leis cáilíocht na faisnéise agus na meastachán atá á dtiomsú a thomhas agus a rialú chun sláine, cruinneas agus iomláine na sonraí a áirithiú, earráidí agus easnaimh a aithint agus déileáil leo, sonraí agus ábhar eile a úsáidtear a dhoiciméadú agus a chartlannú, agus na gníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta uile a thaifeadadh;

(18) 

ciallaíonn “bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh” an-aird ar fad a thabhairt, agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha éifeachtúlachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla trí choigilteas úsáid dheiridh fuinnimh cost-éifeachtacha, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú ar bhealach níos éifeachtúla agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach;

(19) 

ciallaíonn “Plean SET” an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh mar a leagtar amach é sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2015, dar teideal, “I dTreo Plean Straitéiseach Comhtháite um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET): Dlús a chur leis an Athrú ar Chóras Fuinnimh na hEorpa”;

(20) 

ciallaíonn “iarrachtaí luatha”:

(a) 

i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an mbearna a d'fhéadfadh a bheith idir sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá bainte amach ag Ballstát agus atá os cionn a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 nó dul chun cinn luath atá déanta ag Ballstát i dtreo a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020;

▼M5

(b) 

i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún atá bunaithe ar an measúnú de bhun Airteagal 29(1), pointe (b), maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, Ballstát a bheith ag cur chun feidhme go luath a rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite;

▼B

(21) 

ciallaíonn “comhar réigiúnach” comhar idir dhá Bhallstát nó níos mó atá i gcomhpháirtíocht lena gcumhdaítear gné amháin nó níos mó den Aontas Fuinnimh;

(22) 

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(23) 

ciallaíonn “olltomhaltas deiridh fuinnimh” olltomhaltas deiridh fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(24) 

ciallaíonn “scéim cúnaimh” scéim cúnaimh mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(25) 

ciallaíonn “athchumhachtú” athchumhachtú mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(26) 

ciallaíonn “pobal fuinnimh in-athnuaite” pobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (16) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(27) 

ciallaíonn “téamh ceantair” nó “fuarú ceantair” téamh ceantair nó fuarú ceantair mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(28) 

ciallaíonn “dramhail” dramhail mar a shainmhínítear i bpointe (23) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(29) 

ciallaíonn “bithmhais” bithmhais mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(30) 

ciallaíonn “bithmhais talmhaíochta” bithmhais talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (25) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(31) 

ciallaíonn “bithmhais foraoise” bithmhais foraoise mar a shainmhínítear i bpointe (26) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(32) 

ciallaíonn “breoslaí bithmhaise” breoslaí bithmhaise mar a shainmhínítear i bpointe (27) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(33) 

ciallaíonn “bithghás” bithghás mar a shainmhínítear i bpointe (28) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(34) 

ciallaíonn “bithleachtanna” bithleachtanna mar a shainmhínítear i bpointe (32) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(35) 

ciallaíonn “bithbhreoslaí” bithbhreoslaí mar a shainmhínítear i bpointe (33) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(36) 

ciallaíonn “bithbhreoslaí ardfhorbartha” bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(37) 

ciallaíonn “breoslaí carbóin athchúrsáilte” breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(38) 

ciallaíonn “barra stáirse-shaibhir” barra stáirse-shaibhir mar a shainmhínítear i bpointe (39) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(39) 

ciallaíonn “barra bia agus beatha” barra bia agus beatha mar a shainmhínítear i bpointe (40) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(40) 

ciallaíonn “ábhar ligniceallalósach” ábhar ligniceallalósach mar a shainmhínítear i bpointe (41) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(41) 

ciallaíonn “iarmhair” iarmhair mar a shainmhínítear i bpointe (43) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(42) 

ciallaíonn “tomhaltas fuinnimh phríomhúil” tomhaltas fuinnimh phríomhúil mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(43) 

ciallaíonn “tomhaltas fuinnimh deiridh” tomhaltas fuinnimh deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(44) 

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(45) 

ciallaíonn “coigilteas fuinnimh” coigilteas fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(46) 

ciallaíonn “feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh” feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(47) 

ciallaíonn “seirbhís fuinnimh” seirbhís fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(48) 

ciallaíonn “achar urláir úsáidigh iomlán” achar urláir úsáidigh iomlán mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(49) 

ciallaíonn “córas bainistiú fuinnimh” córas bainistiú fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(50) 

ciallaíonn “páirtí faoi oibleagáid” páirtí faoi oibleagáid mar a shainmhínítear i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(51) 

ciallaíonn “údarás poiblí cur chun feidhme” údarás poiblí cur chun feidhme mar a shainmhínítear i bpointe (17) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(52) 

ciallaíonn “gníomhaíocht aonair” gníomhaíocht aonair mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(53) 

ciallaíonn “dáileoir fuinnimh” dáileoir fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 2 de Threoi 2012/27/AE;

(54) 

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/CE agus i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(55) 

ciallaíonn “comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola” comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(56) 

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse fuinnimh” soláthraí seirbhíse fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(57) 

ciallaíonn “conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh” conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (27) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(58) 

ciallaíonn “comhghiniúint” comhghiniúint mar a shainmhínítear i bpointe (30) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(59) 

ciallaíonn “foirgneamh” foirgneamh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(60) 

ciallaíonn “foirgneamh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas” foirgneamh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(61) 

ciallaíonn “teaschaidéal” teaschaidéal mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(62) 

ciallaíonn “breosla iontaise” foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh atá bunaithe ar charbón, amhail bresolaí soladacha, gás nadúrtha agus ola;

▼M3

(63) 

ciallaíonn “córas faisnéise geografaí” córas ríomhaireachta atá in ann faisnéis ina bhfuil tagairtí geografacha a ghabháil, a stóráil, a anailísiú agus a thaispeáint;

(64) 

ciallaíonn “iarratas geo-spásúil” foirm iarratais leictreonach ina gcuimsítear feidhmchlár TF atá bunaithe ar chóras faisnéise geografaí lena gcuirtear ar chumas tairbhithe dáileachtaí talmhaíochta an ghabháltais agus na limistéar neamhthalmhaíochta a bhfuil íocaíocht éilithe ina leith a dhearbhú.

▼B

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.