|
+Airteagal 15 2. |
Airteagal 15 2.Agus é mar aidhm aige na cuspóirí comhshaoil foriomlána dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach, faoin 1 Aibreán 2019, glacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, agus dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát á gcur san áireamh aige. Beidh anailís ar áireamh sa straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear sa mhír seo, lena gcumhdófar ar a laghad na nithe seo a leanas:
(a)
cásanna éagsúla maidir le rannchuidiú an Aontais i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach i mír 3 inter alia cás ina mbainfí amach astaíochtaí gás ceaptha teasa glan nialasacha laistigh den Aontas faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin;
(b)
tionchair na gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) ar an mbuiséad carbóin domhanda agus Aontais a bheidh fágtha chun faisnéis a chur ar fáil do phlé maidir leis an éifeachtúlacht, éifeachtacht agus cothromaíocht costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|