+Airteagal 15 Straitéisí fadtéarmacha
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
---+Airteagal 15 8.
---+Airteagal 15 9.

Airteagal 15 Straitéisí fadtéarmacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Faoin 1 Eanáir 2020, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar straitéis í a mbeidh peirspictíocht 30 bliain aici agus a bheidh comhsheasmhach le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana.
Airteagal 15 2.

Agus é mar aidhm aige na cuspóirí comhshaoil foriomlána dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach, faoin 1 Aibreán 2019, glacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, agus dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát á gcur san áireamh aige. Beidh anailís ar áireamh sa straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear sa mhír seo, lena gcumhdófar ar a laghad na nithe seo a leanas:

(a) 

cásanna éagsúla maidir le rannchuidiú an Aontais i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach i mír 3 inter alia cás ina mbainfí amach astaíochtaí gás ceaptha teasa glan nialasacha laistigh den Aontas faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin;

(b) 

tionchair na gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) ar an mbuiséad carbóin domhanda agus Aontais a bheidh fágtha chun faisnéis a chur ar fáil do phlé maidir leis an éifeachtúlacht, éifeachtacht agus cothromaíocht costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Airteagal 15 3.

Rannchuideoidh straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais leis na nithe seo a leanas:

(a) 

comhlíonadh ghealltanais an Aontais agus na mBallstát faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa a laghdú agus aistrithe trí linnte a fheabhsú agus ceapadh carbóin mhéadaithe a chur chun cinn;

(b) 

comhlíonadh chuspóir Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith níos ísle ná 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;

▼M2

(c) 

laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhthéacs na laghduithe gás ceaptha teasa is gá agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte is gá de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus chun aistrithe trí linnte a fheabhsú chun sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras a shaothrú ionas go mbainfear amach cothromaíocht idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;

▼B

(d) 

córas fuinnimh laistigh den Aontas atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

Airteagal 15 4.

I straitéisí fadtéarmacha na mBallstát, ba cheart go mbeadh na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Ina theannta sin, le straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais cumhdófar na nithe seo a leanas:

(a) 

iomlán na laghduithe ar astaíocht antrapaigineach gás ceaptha teasa agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte;

(b) 

laghduithe ar astaíochtaí agus feabhsuithe ar aistrithe in earnálacha aonair lena n-áirítear leictreachas, tionsclaíocht, iompar, an earnáil téimh agus fuaraithe agus foirgníochta (idir chónaithe agus threasach), talmhaíocht, dramhaíl, talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF);

(c) 

an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis chuig geilleagar ina mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa lena n-áirítear déine na ngás ceaptha teasa, déine CO2 na holltáirgeachta intíre, meastacháin ghaolmhara ar infheistíocht fhadtéarmach, agus straitéisí do thaighde, d'fhorbairt agus do nuálaíocht ghaolmhar;

(d) 

a mhéid is indéanta, tionchar socheacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta dícharbónaithe lena n-áirítear inter alia gnéithe a bhaineann le forbairt mhaicreacnamaíoch agus shóisialta, rioscaí agus tairbhí sláinte agus cosaint an chomhshaoil;

(e) 

naisc le cuspóirí náisiúnta fadtéarmacha eile, pleanáil agus beartais agus bearta eile, agus infheistíocht.

Airteagal 15 5.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun críocha a oiriúnaithe d'fhorbairtí i straitéis fhadtéarmach an Aontais nó i gcreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais atá bainteach go díreach agus go sonrach leis na cinntí ábhartha arna nglacadh faoi UNFCCC agus, go háirithe, faoi Chomhaontú Pháras.
Airteagal 15 6.
Beidh na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear san Airteagal seo.
Airteagal 15 7.
Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an pobal a chur ar an eolas láithreach maidir lena straitéisí fadtéarmacha agus aon nuashonruithe ar na straitéisí sin agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad, lena n-áirítear trí bhíthin an ríomh-ardáin dá dtagraítear in Airteagal 28. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí ábhartha na dtorthaí críochnaitheacha a chur ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.
Airteagal 15 8.
Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus a gcuid straitéisí fadtéarmacha á n-ullmhú acu trí fhaisnéis a sholáthar maidir le staid an eolais eolaíoch fholuitigh agus deiseanna a chur ar fáil chun eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, treoir do na Ballstáit ag céim forbartha agus chur chun feidhme a gcuid straitéisí.
Airteagal 15 9.
Déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na straitéisí fadtéarmacha leordhóthanach chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le haon bhearna chomhchoiteann atá fágtha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.