|
+Airteagal 15 3. |
Airteagal 15 3.Rannchuideoidh straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais leis na nithe seo a leanas:
(a)
comhlíonadh ghealltanais an Aontais agus na mBallstát faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa a laghdú agus aistrithe trí linnte a fheabhsú agus ceapadh carbóin mhéadaithe a chur chun cinn;
(b)
comhlíonadh chuspóir Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith níos ísle ná 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;
(c)
laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhthéacs na laghduithe gás ceaptha teasa is gá agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte is gá de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus chun aistrithe trí linnte a fheabhsú chun sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras a shaothrú ionas go mbainfear amach cothromaíocht idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;
(d)
córas fuinnimh laistigh den Aontas atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|