|
+Airteagal 29 1. |
Airteagal 29 1.Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, go háirithe ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, ar bhonn faisnéise eile a tuairiscíodh faoin Rialachán seo, ar bhonn na dtáscairí agus ar bhonn staitisticí agus sonraí Eorpacha nuair is ann dóibh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn a rinneadh ar leibhéal an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach, lena n-áirítear, don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, go háirithe chun críocha aon bhearnaí a sheachaint maidir le spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh;
(b)
an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach agus na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;
(c)
tionchar foriomlán na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí nó éifeachtaí neamh-CO2 bunaithe ar shonraí astaíochtaí arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 26, agus feabhas a chur ar an measúnú sin trí thagairt a dhéanamh do dhul chun cinn eolaíoch agus sonraí aerthráchta, de réir mar is iomchuí;
(d)
tionchar foriomlán bheartais agus bearta na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fheidhmiú bhearta aeráide agus fuinnimh an Aontais;
(e)
tionchar foriomlán na mbeartas agus na mbeart arna n-áireamh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir le feidhmiú chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) agus maidir leis an gcóimheá idir soláthar agus éileamh na liúntas i margadh carbóin an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|