+Airteagal 29 Measúnú ar dhul chun cinn
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
|
Airteagal 29 Measúnú ar dhul chun cinn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, go háirithe ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, ar bhonn faisnéise eile a tuairiscíodh faoin Rialachán seo, ar bhonn na dtáscairí agus ar bhonn staitisticí agus sonraí Eorpacha nuair is ann dóibh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn a rinneadh ar leibhéal an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach, lena n-áirítear, don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, go háirithe chun críocha aon bhearnaí a sheachaint maidir le spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh;
▼M2
(b)
an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach agus na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;
▼B
(c)
tionchar foriomlán na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí nó éifeachtaí neamh-CO2 bunaithe ar shonraí astaíochtaí arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 26, agus feabhas a chur ar an measúnú sin trí thagairt a dhéanamh do dhul chun cinn eolaíoch agus sonraí aerthráchta, de réir mar is iomchuí;
(d)
tionchar foriomlán bheartais agus bearta na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fheidhmiú bhearta aeráide agus fuinnimh an Aontais;
(e)
tionchar foriomlán na mbeartas agus na mbeart arna n-áireamh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir le feidhmiú chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) agus maidir leis an gcóimheá idir soláthar agus éileamh na liúntas i margadh carbóin an Aontais.
|
|
Airteagal 29 2.
|
I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais ar bhonn conair tháscach de chuid an Aontais a thosaíonn ag 20 % in 2020, a shroicheann pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc 2020 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus a shroicheann sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
Airteagal 29 3.
|
I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh le chéile i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil, agus 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh, a bhaint amach ar leibhéal an Aontais in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE. Nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh a chuid measúnaithe, glacfaidh sé na céimeanna seo a leanas:
(a)
a mheas an bhfuil garsprioc an Aontais gan níos mó ná 1483 meigeathonna d'fhuinneamh príomha agus gan níos mó ná 1 086 meigeathonna d'fhuinneamh deiridh in 2020, bainte amach;
(b)
a mheas an léiríonn dul chun cinn na mBallstát go bhfuil an tAontas ina iomláine ar an mbóthar ceart i dtreo an leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus measúnú na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, á chur san áireamh;
(c)
torthaí ó bhearta samhaltaithe a úsáid maidir le treochtaí sa todhchaí maidir le tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus feidhm a bhaint as anailís chomhlántach eile;
(d)
aird chuí a thabhairt ar imthosca ábhartha, a dhéanann difear do thomhaltas príomhúil agus deiridh, a léiríonn na Ballstáit ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 6(2).
|
|
Airteagal 29 4.
|
I réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo leibhéal na hidirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát a bhaint amach in 2030.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe ar bhonn na faisnéise a tuairiscíodh de bhun an Rialacháin seo, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát i dtreo na ceanglais seo a leanas a shásamh:
(a)
gealltanais faoi Airteagal 4 de UNFCCC agus faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Pháras mar atá leagtha amach i gcinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, nó ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú dóibh mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras;
(b)
oibleagáidí arna leagan amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842 agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841;
(c)
na cuspóirí atá leagtha amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide d'fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach agus don chéad tréimhse deich mbliana d'fhonn spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Ba cheart don Choimisiún na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a chur san áireamh ina mheasúnú.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar a mheasúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo mar chuid den tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|