|
+Airteagal 42 Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil |
Airteagal 42 Ról na Gníomhaireachta Eorpaí ComhshaoilAirteagal 42 Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil Cabhróidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil leis an gCoimisiún ina chuid oibre maidir le dícharbónú agus toisí éifeachtúlachta fuinnimh chun Airteagail 15 go 21, 26, 28, 29, 35, 37, 38, 39 agus 41 a chomhlíonadh i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil. Áireoidh sé sin cabhair, de réir mar, is gá:
(a)
leis an bhfaisnéis atá tuairiscithe ag na Ballstáit maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin a thiomsú;
(b)
le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích ar an bhfaisnéis atá tuairiscithe ag Ballstáit faoi réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta;
(c)
le meastacháin a ullmhú nó na meastacháin atá ar fáil don Choimisiún i gcomhair sonraí maidir le réamh-mheastacháin nach bhfuil tuairiscithe ag na Ballstáit a chomhlánú;
(d)
le sonraí a thiomsú, aon áit a bhfuil siad ar fáil, a thógtar as staitisticí Eorpacha agus atá oiriúnach ó thaobh tráthúlachta, de réir mar a éilítear don tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle arna hullmhú ag an gCoimisiún;
(e)
faisnéis a bailíodh faoin Rialachán seo a scaipeadh, lena n-áirítear bunachar sonraí a chothabháil agus a nuashonrú le haghaidh beartais agus bearta na mBallstát maidir le maolú agus an tArdán Eorpach um Oiriúnú Aeráide córas malartaithe faisnéise ar impleachtaí, leochaileachtaí agus oiriúnú d'athrú aeráide;
(f)
nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích chun fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;
(g)
fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus tuarascáil fardail gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;
(h)
meastacháin a ullmhú do shonraí nach bhfuil tuairiscithe sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa;
(i)
an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 38 a sheoladh;
(j)
neasfhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|