1. Maidir le faisnéis ó institiúidí oidhreachta cultúrtha, eagraíochtaí comhbhainistíochta nó údaráis phoiblí ábhartha chun críocha saothair nó ábhar eile a shainaithint nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá clúdaithe le ceadúnas arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó a úsáidtear faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), chomh maith le faisnéis maidir leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá bhforáiltear in Airteagal 8(4), agus, a luaithe a bhíonn fáil uirthi nó a bhíonn sí ábhartha, faisnéis maidir leis na páirtithe sa cheadúnas, na críocha atá clúdaithe agus na húsáidí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rochtain orthu sin a chur ar fáil go buan, go héasca agus go héifeachtúil as tairseach aonair phoiblí ar líne amháin ó 6 mhí ar a laghad sula ndéanfar na saothair nó an t-ábhar eile a dháileadh, a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an gceadúnas nó faoin eisceacht nó teorainn.
Déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an tairseach a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012.