2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an sásra ceadúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach laistigh de réimsí dea-shainithe úsáide ina bhfuil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair go hiondúil dochraideach agus neamhphraiticiúil sa mhéid agus go bhfágtar an t-idirbheart ceadúnaithe atá ag teastáil neamhdhóchúil mar gheall ar chineál na húsáide nó na cineálacha saothar nó ábhar eile i dtrácht agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh an sásra ceadúnaithe sin leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt a choimirciú.