|
+Airteagal 13 Sásra caibidlíochta |
Airteagal 13 Sásra caibidlíochtaAirteagal 13 Sásra caibidlíochta I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid. Tráth nach déanaí ná 7 Meitheamh 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna inar roghnaigh Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|