Airteagal 4
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach custaiméir saor chun níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin nó comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna, agus chun na críche sin go mbeidh custaiméirí i dteideal níos mó ná pointe méadraithe agus billeála amháin a bheith cumhdaithe ag an bpointe nasctha aonair dá n-áitreabh. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, féadfar córais mhéadraithe chliste arna n-imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 19 a úsáid chun ligean do chustaiméirí níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin nó níos mó ná comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna.