|
+Airteagal 10 3. |
Airteagal 10 3.Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
céannacht agus seoladh an tsoláthróra;
(b)
na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí a thairgtear, chomh maith leis an am don nascadh tosaigh;
(c)
na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear;
(d)
na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;
(e)
ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;
(f)
aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;
(g)
an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26;
(h)
faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais leictreachais. Beidh na coinníollacha cóir agus beidh siad ar eolas go maith roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis sin sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis a bhaineann leis na hábhair a leagtar amach sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích. Déanfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|