|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe agus conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu a iarraidh conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích agus gur féidir le gach custaiméir deiridh a iarraidh conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thabhairt i gcrích, ar conradh é a mhairfidh aon bhliain amháin ar a laghad le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige a dhíolmhú ón oibleagáid conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thairiscint sna cásanna seo a leanas:
(a)
ní thairgeann an soláthróir ach conarthaí praghsála dinimiciúla;
(b)
nach mbíonn tionchar diúltach ag an díolúine ar iomaíocht; agus
(c)
gur ann fós do rogha leordhóthanach do chustaiméirí deiridh maidir le conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a mhodhnú go haontaobhach agus nach ndéanfaidh siad conarthaí den sórt sin a fhoirceannadh sula dtiocfaidh siad in aibíocht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|