|
+Airteagal 40 1. |
Airteagal 40 1.Beidh gach oibreoir córais tarchurtha freagrach as an méid seo a leanas:
(a)
a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha ar tharchur leictreachais, agus as córas tarchurtha atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt i ndea-chaoi eacnamaíoch le haird chuí ar an gcomhshaol, i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin comharsanacha;
(b)
a áirithiú go mbeidh modhanna iomchuí ann chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;
(c)
cur le cinnteacht an tsoláthair trí acmhainneacht tarchurtha leormhaith agus trí iontaofacht córais leormhaith;
(d)
na sreafaí leictreachais ar an gcóras a bhainistiú, ag cur san áireamh malartuithe le córais idirnasctha eile. Chuige sin, beidh an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach as a áirithiú go mbeidh an córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil agus, sa chomhthéacs sin, as a áirithiú go mbeidh fáil ar na seirbhísí coimhdeacha uile is gá, lena n-áirítear na seirbhísí sin a sholáthróidh an fhreagairt don éileamh agus saoráidí stórála fuinnimh, sa mhéid go bhfuil an fháil ar na seirbhísí sin neamhspleách ar aon chóras tarchurtha eile a bhfuil a chóras idirnasctha leis;
(e)
a leordhóthain faisnéise a sholáthar d'oibreoir aon chórais eile a bhfuil sé idirnasctha leis chun oibriú slán agus éifeachtúil, forbairt chomhordaithe agus idir-inoibritheacht an chórais idirnasctha a áirithiú;
(f)
an neamh-idirdhealú a áirithiú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais, go háirithe i bhfabhar a ghnóthas gaolmhar;
(g)
an fhaisnéis a theastaíonn ó na húsáideoirí córais le haghaidh rochtain éifeachtúil ar an gcóras a sholáthar dóibh;
(h)
cíosanna plódúcháin agus íocaíochtaí a bhailiú faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha, i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2009/943, rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú agus mínithe réasúnaithe a thabhairt i gcás ina ndiúltóidh sé an rochtain sin a thabhairt, rud a ndéanfaidh na húdaráis rialála faireachán air; agus a gcuid cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh acu, is é an comhtháthú margaidh a éascóidh na hoibreoirí córas tarchurtha go príomha.
(i)
seirbhísí coimhdeacha a sholáthar chun an tslándáil oibríochtúil a áirithiú;
(j)
creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;
(k)
a bheith rannpháirteach i mbunú na measúnuithe Eorpacha agus náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní de bhun Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/943;
(l)
digitiú na gcóras tarchurtha;
(m)
bainistiú sonraí, lena n-áirítear córais bainistithe sonraí a fhorbairt, cibearshlándáil agus cosaint sonraí faoi réir na rialacha is infheidhme, agus gan dochar d'inniúlacht na n-údarás eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|