|
+Airteagal 45 2. |
Airteagal 45 2.Chun neamhspleáchas an úinéara córais tarchurtha dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:
(a)
daoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ní bheidh siad páirteach i struchtúir chuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, dháileadh agus sholáthar an leictreachais;
(b)
déanfar bearta iomchuí lena áirithiú go gcuirfear san áireamh leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil siad in ann gníomhú go neamhspleách; agus
(c)
cuirfidh an t-úinéir córais tarchurtha clár comhlíontachta ar bun ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh, faoi bhráid an údaráis rialála agus foilseofar í. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|