|
+Airteagal 54 2. |
Airteagal 54 2.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus a bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil.
(b)
go bhfuil gá leis na saoráidí nó leis na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais tarchurtha agus nach n-úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus
(c)
go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas an mhaolaithe sin agus go ndearna sé measúnú ex ante ar infheidhmeacht an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas. Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas tarchurtha chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|