|
+Airteagal 58 Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála |
Airteagal 58 Cuspóirí ginearálta an údaráis rialálaAirteagal 58 Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála I ndéanamh na gcúraimí rialála dó a sonraítear sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás rialála gach beart réasúnach chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach faoi chuimsiú a chuid dualgas agus cumhachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 59 iad, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis iomaíochta, mar aon le húdaráis, lena n-áirítear údaráis rialála, ó Bhallstáit chomharsanachta agus ó thríú tíortha comharsanachta, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar dá n-inniúlacht:
(a)
margadh inmheánach iomaíoch, solúbtha, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de don leictreachas laistigh den Aontas a chur chun cinn, i ndlúthchomhar le húdaráis rialála na mBallstát eile, leis an gCoimisiún agus le ACER, agus oscailt margaidh éifeachtach a chur chun cinn do gach custaiméir agus do gach soláthróir san Aontas, agus dálaí iomchuí a áirithiú d'oibriú éifeachtach agus iontaofa na ngréasán leictreachais, agus na cuspóirí fadtéarmacha á gcur san áireamh;
(b)
margaí réigiúnacha trasteorann atá iomaíoch agus ag dea-fheidhmiú a fhorbairt laistigh den Aontas d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír (a) a bhaint amach;
(c)
deireadh a chur le srianta ar thrádáil sa leictreachas idir Ballstáit, lena n-áirítear acmhainneachtaí tarchurtha trasteorann iomchuí a fhorbairt chun éileamh a shásamh agus comhtháthú na margaí náisiúnta a fheabhsú, rud a d'féadfadh sreabha leictreachais a fheabhsú ar fud an Aontais;
(d)
cabhrú chun córais neamh-idirdhealaitheacha slána, iontaofa agus éifeachtacha atá dírithe ar chustaiméirí a fhorbairt, agus é sin a dhéanamh ar an mbealach is costéifeachtaí, agus leormhaitheas an chórais a chur chun cinn agus, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an bheartais fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le comhtháthú na táirgeachta mórscála agus mionscála leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ó ghiniúint dháilte sna gréasáin tarchurtha agus dáileacháin araon agus éascú a dhéanamh ar a n-oibriú siúd i dtaca le gréasáin fuinnimh gáis nó teasa eile;
(e)
éascú a dhéanamh ar rochtain ar an ngréasán don acmhainneacht ghiniúna nua agus ar shaoráidí stórála fuinnimh, go háirithe deireadh a chur le bacainní a d'fhéadfadh rochtain a chosc d'iontrálaithe nua sa mhargadh agus do leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite;
(f)
a áirithiú go ndéanfar dreasachtaí iomchuí a dheonú d'oibreoirí córais agus d'úsáideoirí córais, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, a mhéadú i bhfeidhmíocht na gcóras agus chun comhtháthú na margaí a chothú;
(g)
a áirithiú go mbainfidh custaiméirí tairbhe as trí fheidhmiú éifeachtach a margaidh náisiúnta, iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus cabhrú chun ardleibhéal cosanta do chustaiméirí a áirithiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis cosanta tomhaltóirí ábhartha;
(h)
cabhrú chun ardchaighdeáin seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a bhaint amach i soláthar an leictreachais, rannchuidiú le cosaint na gcustaiméirí leochaileacha agus rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí is gá chun gur féidir leis an gcustaiméir athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|