|
+Airteagal 62 1. |
Airteagal 62 1.Déanfaidh údaráis rialála réigiúnacha an réigiúin oibríochta córais ina bhfuil lárionad comhordúcháin réigiúnach bunaithe an méid seo a leanas, i ndlúthchomhardú le chéile:
(a)
an togra go mbunófaí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2019/943 a fhormheas;
(b)
na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ar costais iad a bheidh le seasamh ag na hoibreoirí córas tarchurtha agus a chuirfear san áireamh i ríomh na dtaraifí, a fhormheas, ar choinníoll go bhfuil na costais sin réasúnach agus iomchuí;
(c)
an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí a fhormheas;
(d)
a áirithiú go mbeidh ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun a gcúraimí a dhéanamh go neamhspleách agus go neamhchlaonta;
(e)
a mholadh i gcomhpháirt leis na húdaráis rialála eile i réigiún oibríochta córais cad iad na cúraimí breise agus na cumhachtaí breise a d'fhéadfadh Ballstáit an réigiúin oibríochta córais a shannadh ar na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;
(f)
comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe i ndáil le saincheisteanna trasteorann agus comhairliúchán a dhéanamh chun neamhchomhlíonadh na lárionad comhordúcháin réigiúnach i leith a gcuid oibleagáidí faoi seach a shainaithint go compháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun críocha neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;
(g)
faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhordúcháin córais agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh chuig ACER ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/943. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|