+Airteagal 64 Taifid a choimeád
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.
---+Airteagal 64 5.
|
Airteagal 64 Taifid a choimeád
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 64 1.
|
Ceanglóidh Ballstáit ar sholáthróirí na sonraí ábhartha a bhaineann le gach idirbheart i gconarthaí soláthair leictreachais agus i ndíorthaigh leictreachais le custaiméirí mórdhíola agus oibreoirí córas tarchurtha a choimeád agus iad a bheith ar fáil do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála, na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún, chun a gcúraimí a chur i gcrích, ar feadh 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 64 2.
|
Sna sonraí sin, beidh mionsonraí faoi shaintréithe na n-idirbheart ábhartha amhail rialacha maidir le ré, seachadadh agus réitigh, an chainníocht, na dátaí agus amanna a rinneadh iad agus praghsanna na n-idirbheart agus modhanna chun an custaiméir mórdhíola lena mbaineann a shainaithint, chomh maith le sonraí mionsonraithe gach conartha soláthair leictreachais agus díorthaigh leictreachais neamhréitithe.
|
|
Airteagal 64 3.
|
Féadfaidh an t-údarás rialála cinneadh a dhéanamh gnéithe den fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe aonair margaidh nó maidir le hidirbhearta aonair a scaoileadh. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis faoi ionstraimí airgeadais a thiocfaidh faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
|
|
Airteagal 64 4.
|
Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo oibleagáidí breise i leith na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 a chruthú d'eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
|
|
Airteagal 64 5.
|
Sa chás go bhfuil rochtain ar shonraí arna gcoimeád ag eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE de dhíth ar na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis atá freagrach faoin Treoir sin na sonraí atá de dhíth orthu a sholáthar dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|