|
+Airteagal 71 1. |
Airteagal 71 1.Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 5, Airteagal 6(2) agus (3), Airteagal 7(1), pointe (j) agus (l) d'Airteagal 8(2), Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) go (12), Airteagail 11 go 24, Airteagail 26, 28 agus 29, Airteagail 31 go 34 agus 36, Airteagal 38(2), Airteagail 40 agus 42, pointe (d) d'Airteagal 46(2), Airteagail 51 agus 54, Airteagail 57 go 59, Airteagail 61 go 63, pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d'Airteagal 70 agus Iarscríbhinní I agus II a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
pointe (5)(a) d'Airteagal 70 faoin 31 Nollaig 2019;
(b)
pointe (4) d'Airteagal 70 faoin 25 Deireadh Fómhair 2020. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|