1. Gan dochar do Chaibidil V, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí a gcuid doiciméad a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, trí mheán leictreoanach, i bhformáidí atá oscailte, meaisín-inléite, inrochtana, inaimsithe agus in-athúsáidte, agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo. Beidh an fhormáid agus na meiteashonraí araon, i gcás inar féidir, i gcomhréir le caighdeáin oscailte fhoirmiúla.