+Airteagal 5 Na formáidí a mbeidh fáil orthu
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6
---+Airteagal 5 7
---+Airteagal 5 8
|
Airteagal 5 Na formáidí a mbeidh fáil orthu
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Gan dochar do Chaibidil V, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí a gcuid doiciméad a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, trí mheán leictreoanach, i bhformáidí atá oscailte, meaisín-inléite, inrochtana, inaimsithe agus in-athúsáidte, agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo. Beidh an fhormáid agus na meiteashonraí araon, i gcás inar féidir, i gcomhréir le caighdeáin oscailte fhoirmiúla.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí doiciméid a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a tháirgeadh agus a chur ar fáil i gcomhréir le prionsabal “oscailte trí dhearadh agus mar réamhshocrú”.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Ní fhágfaidh mír 1 go bhfuil oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí doiciméid a chruthú nó a oiriúnú nó sleachta a sholáthar chun an mhír sin a chomhlíonadh i gcás ina mbeadh iarracht dhíréireach de dhíth chuige sin, a mbeadh ní ba mhó ná oibríocht shimplí i gceist léi.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Ní cheanglófar ar chomhlachtaí earnála poiblí leanúint de dhoiciméad de chineál áirithe a tháirgeadh agus a stóráil le gur féidir le heagraíochtaí príobháideacha nó le heagraíocht earnála poiblí na doiciméid sin a athúsáid.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí sonraí dinimiciúla a chur ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe, trí APInna oiriúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.
|
|
Airteagal 5 6
|
6. Más rud é, má chuirtear sonraí dinimiciúla dá dtagraítear i mír 5 ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe agus, dá bharr sin, go sárófaí cumas an chomhlachta earnála poiblí, ó thaobh cúrsaí airgeadais nó cúrsaí teicniúla de agus, ar an gcaoi sin, go bhforchuirfí iarracht neamhréireach, cuirfear na sonraí dinimiciúla sin ar fáil lena n-athúsáid laistigh de chreat ama, nó faoi shrianta sealadacha, nach gcuirfidh isteach go míchuí ar shaothrú an phoitéinsil eacnamaíoch agus sóisialta atá iontu.
|
|
Airteagal 5 7
|
7. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le doiciméid arb ann dóibh i seilbh gnóthais phoiblí agus atá ar fáil le haghaidh athúsáide.
|
|
Airteagal 5 8
|
8. Déanfar na tacair ardluacha sonraí, faoi mar a liostaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 14(1), a chur ar fáil lena n-athúsáid i bhfoirm mheaisín-inléite, trí APInna agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1024
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|