4. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 2, déanfar na muirir iomlána a ríomh i gcomhréir le critéir oibiachtúla trédhearcacha infhíoraithe. Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir sin.
An t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ní bheidh sé níos mó ná costas bhailiú, tháirgeadh, atáirgeadh, scaipeadh na ndoiciméad sin agus na stórála sonraí, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht, agus, más infheidhme, costas anaithnidiú na sonraí pearsanta agus costas na mbeart arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint.
Déanfar na muirir a ríomh i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme.