5. I gcás ina ndéanfaidh na comhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 muirir a ghearradh, an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ní bheidh sé níos mó ná costas an bhailithe, an táirgthe, an atáirgthe, an scaipthe, na stórála, an chaomhnaithe agus an imréitigh ceart agus, más infheidhme, costas anaithnidiú na sonraí pearsanta agus costas na mbeart arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht.
Déanfar na muirir a ríomh i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann.