1. Tacóidh na Ballstáit le hinfhaighteacht sonraí taighde trí bheartais náisiúnta a ghlacadh agus trí bhearta ábhartha a dhéanamh a mbeidh sé mar aidhm leo sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí a chur ar fáil go hoscailte (“beartais rochtana oscailte”) i gcomhréir leis an bprionsabal “oscailte mar réamhshocrú” agus le prionsabail FAIR. Sa chomhthéacs sin, cuirfear ábhair imní maidir le cearta maoine intleachtúla, cosaint sonraí pearsanta agus rúndacht, slándáil agus leasanna tráchtála dlisteanacha san áireamh i gcomhréir leis an bprionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá”. Beidh na beartais rochtana oscailte sin dírithe ar eagraíochtaí déanta taighde agus ar eagraíochtaí maoinithe taighde.