2. Gan dochar do phointe (c) d'Airteagal 1(2), beidh sonraí taighde in-athúsáidte chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála ar na coinníollacha a leagtar amach i gcomhréir le Caibidil III agus i gCaibidil IV, sa mhéid go bhfuil siad maoinithe le hairgead poiblí agus go mbeidís curtha ar fáil go poiblí cheana ag taighdeoirí, eagraíochtaí déanta taighde nó eagraíochtaí maoinithe taighde trí thaisclann institiúideach nó ábharbhunaithe. Sa chomhthéacs sin, déanfar leasanna tráchtála dlisteanacha, gníomhaíochtaí aistrithe feasachta agus cearta maoine intleachtúla arb ann dóibh cheana a chur san áireamh.