2. Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ná do na cearta agus na hoibleagáidí a aithníonn na Ballstáit nó an tAontas a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta, ní dhéanfaidh conarthaí idir an Chlárlann agus Cláraitheoirí ná conarthaí idir Cláraitheoirí agus cláraithe ainmneacha fearainn, dlí seachas dlí de chuid na mBallstát a ainmniú mar an dlí is infheidhme, ná ní ainmneoidh siad mar chomhlacht um réiteach díospóide, cúirt, cúirt eadrána nó comhlacht eile atá suite lasmuigh den Aontas.