+Airteagal 10 Oibleagáidí na Clárlainne
---+Airteagal 10 (a)
---+Airteagal 10 (b)
---+Airteagal 10 (c)
---+Airteagal 10 (d)
---+Airteagal 10 (e)
---+Airteagal 10 (f)
---+Airteagal 10 (g)
---+Airteagal 10 (h)
---+Airteagal 10 (i)
---+Airteagal 10 (j)
---+Airteagal 10 (k)
---+Airteagal 10 (l)
---+Airteagal 10 (m)

Airteagal 10 Oibleagáidí na Clárlainne

Beidh sé de cheangal ar an gClárlann:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 (a)

an TLD arb é .eu a chur chun cinn ar fud an Aontais agus i dtríú tíortha;

Airteagal 10 (b)

na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, an conradh dá dtagraítear in Airteagal 8(4), agus, go háirithe, dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, a chomhlíonadh;

Airteagal 10 (c)

an TLD arb é .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú ar mhaithe leis an leas poiblí ginearálta agus ardcháilíocht, trédhearcacht, slándáil, cobhsaíocht, intuarthacht, iontaofacht, inrochtaineacht, éifeachtúlacht, neamh-idirdhealú, dálaí córa iomaíochta agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú i ngach gné de riar agus de bhainistiú an TLD .eu;

Airteagal 10 (d)

conradh iomchuí a dhéanamh lena bhforáiltear do roghnú an chóid TLD arb é .eu, faoi réir toiliú roimh ré ón gCoimisiún;

Airteagal 10 (e)

clárú ainmneacha fearainn a dhéanamh sa TLD arb é .eu i gcás ina iarrann aon pháirtí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 3 amhlaidh;

Airteagal 10 (f)

a áirithiú, gan dochar d'aon imeachtaí cúirte, agus faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha nós imeachta do na páirtithe lena mbaineann, an fhéidearthacht do Chláraitheoirí agus cláraithe aon díospóid chonarthach leis an gClárlann a réiteach trí bhíthin nós imeachta um RMD;

Airteagal 10 (g)

infhaighteacht agus sláine bhunachair shonraí na n-ainmneacha fearainn a áirithiú;

Airteagal 10 (h)

comhaontú a dhéanamh, ar a chostas féin agus le toiliú an Choimisiúin, le hiontaobhaí creidiúnach nó le gníomhaire eascró eile atá bunaithe laistigh de chríoch an Aontais, ina n-ainmneofar an Coimisiún mar thairbhí an chomhaontaithe eascró, agus cóip leictreonach cothrom le dáta d'inneachar bhunachar sonraí an TLD arb é .eu a chur faoi bhráid an ghníomhaire eascró nó an iontaobhaí lena mbaineann ar bhonn laethúil;

Airteagal 10 (i)

na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a chur chun feidhme;

Airteagal 10 (j)

cuspóirí an Aontais i réimse bhainistíocht an idirlín a chur chun cinn, inter alia trí bheith rannpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta;

Airteagal 10 (k)

na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é. eu a leagtar síos ar bhonn Airteagal 11 a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais;

Airteagal 10 (l)

comhlacht neamhspleách a fháil chun iniúchadh a dhéanamh, ar chostas na Clárlainne, gach 2 bhliain ar a laghad chun a dheimhniú go gcomhlíonann sí an Rialachán seo, agus toradh na n-iniúchtaí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún;

Airteagal 10 (m)

rannpháirt a ghlacadh, arna iarraidh sin don Choimisiún, in obair Ghrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí arb é .eu agus comhoibriú leis an gCoimisiún chun feidhmiú agus bainistiú an TLD arb é .eu a fheabhsú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.03.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0517
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.